Rugadh agus tógadh Ruairí de Fréin i mBaile Átha Cliath.

Ghnóthaigh Ruairí na céimeanna B.E. san Innealtóireacht Leictreach agus Dioplóma Iarchéime “Licentiate of the Royal Schools of Music” (LRSM) sa Cheol ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus ón mBord Comhlachaithe na Scoileanna Ríoga Ceoil (The Associated Board of the Royal Schools of Music) i 2004 agus 2012.

Tá céim dochtúireachta bainte amach aige i “Signal Processing” leis an teideal “Adapting Bases Using the Synchronized Short Time Fourier Transform and Non-Negative Matrix Factorization” faoi stiúir an t-Ollamh Scott T. Rickard (matamaticeoir).

Chaith sé tréimhse i mbun taighde agus ag stiúradh mic léinn dochtúireachta agus máistreachta in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT). Ghnóthaigh Ruairí deontas taighde ó Fondúireacht Eolaíochta Éireann (Science Foundation Ireland) chun taisteal go dtí Universidade Federal do Paraná i Brazil. I 2014 chaith sé tréimhse mar “Eolaí ar Chuairt” Marie Skłodowska-Curie, le Amadeus SAS i Nice sa Fhrainc. Tá sé ina Chomhalta Taighde Marie Skłodowska-Curie d’ollscoil KTH Royal Institute of Technology sa tSualainn anois.

Tá moll mór de pháipéir léannta foilsithe ar a thaighde innealtóireachta i mBéarla go nuige seo. Tá sé mar bhall de Chumann na nInnealtóirí agus de roinnt Institiúidí eile.

Is amhránaí traidisiúnta agus clasaiceach é Ruairí agus is ball é den ghrúpa amhránaíochta traidisiúnta iomráiteach “Concordia”. Bhí sé páirteach i riar mhaith dlúthdhioscaí mar amhránaí agus mar thionlacaí chomh maith le bheith gníomhach i gceolchoirmeacha san Eoraip agus níos faide i gcéin, mar shampla leis an ngrúpa ‘the Keynotes’, i “Will Ye Go To Flanders?” le Concordia i “Passetyme with Goode Companye” agus ceoldráma “The Invader” le Eric Sweeney.

Réimsí Taighde: le teacht go luath!

R-phost: ruairi (ag) kth.se